Skip to main content

Breadcrumbs

  1. Home
  2. Council

Public Participation: Identification of Bathing Waters

5 May 2023

Local authorities must identify official bathing areas in their area every year so that they can be monitored for safety, water quality and their level of use.  

 

To help with this process, Clare County Council are asking people who swim at beaches, lakes and rivers to tell them if they think they should maintain existing designated bathing waters designations or give a new official bathing area designation to areas that are commonly used for swimming, but not identified at the moment.

 

Under European and Irish law, Irish local authorities must identify bathing waters each year so that these areas can be monitored to ensure they meet stringent microbiological water quality standards. In some cases, the official bathing areas are also the areas where local authorities focus their resources providing lifeguards during the summer season.  These laws also require that the local authority prepares detailed descriptions or profiles for each of the identified bathing water sites that describe not just the bathing area but also areas in the surface waters catchment area that could be a source of pollution. The profiles include an assessment the risk of pollution and what action would be taken if pollution occurs.

If you are a regular swimmer and want to help your Council decide which bathing areas should be classified as such, it might be helpful to consider the following:

  • How your swimming area has been used up to now;
  • How many people use the site;
  • What facilities exist at the site and how accessible it is;
  • Any safety issues.

If you wish to propose your favourite beach/river etc as a new bathing water site or comment on an existing site please contact us by email at enviroff@clarecoco.ie

 

Closing date for submissions to Clare County Council is 28/9/2023. For further information please contact 0656846331

 

The bathing water quality results and annual classification of bathing waters can be viewed at www.beaches.ie. The latest available EPA report Bathing Water in Ireland Report can be viewed here: https://www.epa.ie/publications/

Note to editors: Local authorities are required under the Bathing Waters Directive and the Bathing Water Quality Regulations 2008 (SI No 79 of 2008) to identify bathing waters on an annual basis. The Directive requires that water quality at all designated bathing waters meets stringent microbiological standards in order to protect the health of people who choose to bathe there.

___________________________________________________________________________________________________________

Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint

 

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  

 

D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Contae an Chláir ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.

 

Faoin dlí Eorpach agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh.  Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.

Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú leis an gComhairle áitiúil a chinneadh cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir, d’fhéadfá cúnamh a thabhairt ach an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • Cén dóigh ar baineadh úsáid as an láthair shnámha go dtí seo;
  • Cá mhéad duine a úsáideann an láthair;
  • Cé na saoráidí atá ar fáil ag an láthair agus cé chomh hinrochtana agus atá an láthair;
  • Aon saincheisteanna sábháilteachta.

Dá mba mhaith leat an trá/an abhainn, etc., is fearr leat a mholadh mar láthair nua uisce snámha nó dá mba mhaith leat trácht a dhéanamh ar láthair reatha, déan teagmháil le email enviroff@clarecoco.ie

 

Is é an 28/9/2023 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí chuig Comhairle Contae an Chláir. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le 0686546331

 

Is féidir féachaint ar thorthaí cháilíocht na n-uiscí snámha agus ar an rangú bliantúil atá déanta orthu ag www.beaches.ie. Tá tuarascáil is déanaí an EPA ar Uiscí Snámha in Éirinn ar fáil anseo: https://www.epa.ie/publications/

 

Nóta d’eagarthóirí: Leis an Treoir um Uiscí Snámha agus leis na Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008), ceanglaítear ar údaráis áitiúla uiscí snámha a shainaithint ar bhonn bliantúil. Ceanglaítear leis an Treoir go ndéanfaidh an cháilíocht uisce i ngach uisce ainmnithe snámha dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha a chomhlíonadh ar mhaithe le sláinte na ndaoine a shnámhann iontu a chosaint.

Page last reviewed: 05/05/23

Back to top